POLASAÍ UM PRÍOBHÁIDEACHT SONRAÍ COOPERSURGICAL

Choose your language:

A. MAIDIR LEIS AN BPOLASAÍ SEO

Táimid tiomanta do do phríobháideacht a chosaint agus táirgí agus seirbhísí gairmiúla luachmhara á soláthar againn duit.

Tugtar achoimre sa Pholasaí um Príobháideacht Sonraí seo (“Polasaí” chomh maith) ar na rudaí seo: cathain, cén fáth agus conas a bhailímid, a úsáidimid agus a láimhseálaimid (“próiseáil” le chéile) faisnéis phearsanta faoinár gcustaiméirí, custaiméirí féideartha, díoltóirí, díoltóirí féideartha, comhpháirtithe gnó agus úsáideoirí suíomhanna gréasáin (“Daoine is Ábhar do na Sonra”). ‘Séard is “Sonraí Pearsanta” ann ná aon fhaisnéis a bhaineann leatsa, ar féidir í a úsáid chun tú a aithint go pearsanta, go díreach nó go hindíreach.

Féadfaimid do Shonraí Pearsanta a phróiseáil, mar a ndéantar cur síos air sa Pholasaí um Príobháideacht Sonraí seo agus nuair a bhailímid sonraí uait. Ní mór ár bPolasaí Príobháideachta a léamh in éineacht le haon fógraí dlíthiúla nó téarmaí agus coinníollacha eile a sholáthraítear duit agus do shonraí á mbailiú againn (nó níos déanaí) nó atá ar fáil ar leathanaigh eile den suíomh gréasáin.

Nuair a úsáideann tú ár suíomhanna gréasáin, próiseálfaimid do chuid Sonraí Pearsanta, arna mbailiú trí fhianáin a úsáid, i gcomhréir lenár bPolasaí Fianán. Féach ar ár bPolasaí Fianán.

B. CÉ ATÁ FREAGRACH AS DO CHUID SONRAÍ?

Tá muidne, CooperSurgical, a bhfuil ár gceannoifig Eorpach ag: Knardrupvej 2, 2760 Målov, an Danmhairg – inár rialtóir sonraí ar do Shonraí Pearsanta. Is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag [email protected] nó ar: +45 4679 0200.

Nuair a chomhroinneann CooperSurgical Sonraí Pearsanta le Cleamhnaithe CooperSurgical (“Cleamhnaithe”, is iad sin ár bhfochuideachtaí, ár gcuideachta sealbhaíochta deiridh agus a fochuideachtaí), bíonn na Cleamhnaithe ina rialtóirí sonraí freisin mar a ndéantar cur síos air sa Pholasaí um Príobháideacht Sonraí seo. Tá sonraí na gCleamhnaithe, lena n-áirítear a suíomhanna, liostaithe ar https://www.coopersurgical.com/Affiliates agus in Aguisín 1.

Sa Pholasaí um Príobháideacht Sonraí seo, déanann “muid” nó “ár” tagairt do CooperSurgical agus/nó do na Cleamhnaithe. Déanann “tú” agus “do” tagairt do na Daoine is Ábhar do na Sonraí.

C. CAD IAD NA SONRAÍ A PHRÓISEÁLAIMID AGUS CÉN FÁTH?

Áirítear leis na cineálacha faisnéise a bhféadfaimid bailiú uait, ag brath ar d’idirghníomhaíocht linn (m.sh. conas a úsáideann tú ár suíomhanna gréasáin), agus ar na cuspóirí próiseála:

Catagóir an Duine is Ábhar do na Sonraí

An cineál faisnéise

Na cuspóirí próiseála

Bonn dlíthiúil na próiseála

Clinicí agus Dochtúirí

  • d’ainm
  • do sheoladh (seoladh gnó agus pearsanta)
  • do sheoladh ríomhphoist
  • d’uimhreacha teileafóin (uimhreacha gnó agus pearsanta)
  • do stair cheannacháin
  • Teideal oibre
  • Earnáil Poist
  • Cainéil meán
  • earraí a ceannaíodh uainn a sheoladh chugat
  • seirbhísí a ceannaíodh uainn a sholáthar
  • aontú atá againn leatsa a fheidhmiú, lena náirítear íocaíochtaí a bhailiú uait, sonraisc, ráitis, meabhrúcháin athnuachana seirbhíse agus meabhrúcháin íocaíochta a sheoladh
  • cumarsáid thráchtála neamh-mhargaíochta a sheoladh chugat cumarsáid mhargaíochta (lena n-áirítear ár nuachtlitreacha ríomhphoist) a bhaineann lenár dtáirgí agus seirbhísí a sheoladh chugat, sa chás gur iarr tú amhlaidh
  • chun cloí lenár noibleagáidí dlíthiúla agus rialála
  • aontú atá againn leatsa a fheidhmiú
  • do thoiliú (sa chás gur iarradh agus gur soláthraíodh é)

Custaiméirí féideartha

  • d’ainm
  • do sheoladh (seoladh gnó agus pearsanta)
  • do sheoladh ríomhphoist
  • d’uimhreacha teileafóin (uimhreacha gnó agus pearsanta)
  • cumarsáid mhargaíochta (lena n-áirítear ár nuachtlitreacha ríomhphoist) a bhaineann lenár dtáirgí, seirbhísí, nuacht eolaíochta agus earnála a sheoladh chugat, sa chás gur iarr tú amhlaidh
  • do thoiliú (sa chás gur iarradh agus gur soláthraíodh é)

Custaiméirí (lena n-áirítear clinicí)

  • d’ainm
  • do sheoladh (seoladh gnó agus pearsanta)
  • do sheoladh ríomhphoist
  • d’uimhreacha teileafóin (uimhreacha gnó agus pearsanta)
  • do theideal poist, ról
  • earraí a ceannaíodh uainn a sheoladh chugat
  • seirbhísí a ceannaíodh uainn a sholáthar
  • aontú atá againn leatsa a fheidhmiú, lena náirítear íocaíochtaí a bhailiú uait, sonraisc, ráitis, meabhrúcháin athnuachana agus meabhrúcháin íocaíochta a sheoladh
  • cumarsáid thráchtála neamh-mhargaíochta a sheoladh chugat
  • cumarsáid mhargaíochta (lena náirítear ár nuachtlitir ríomhphoist) a bhaineann lenár dtáirgí agus seirbhísí a sheoladh chugat, sa chás gur iarr tú amhlaidh
  • chun cloí lenár noibleagáidí dlíthiúla agus rialála
  • aontú atá againn leatsa a fheidhmiú
  • do thoiliú (sa chás gur iarradh agus gur soláthraíodh é)

Díoltóir agus díoltóirí féideartha

  • d’ainm
  • do sheoladh (seoladh gnó agus pearsanta)
  • do sheoladh ríomhphoist seoladh IP
  • d’uimhreacha teileafóin (uimhreacha gnó agus pearsanta)
  • do theideal poist, ról
  • earraí agus seirbhísí uait a ordú
  • ceisteanna a chur faoi earraí agus seirbhísí a fhéadfaidh tú a sholáthar dúinn
  • cumarsáid tráchtála neamh-mhargaíochta a sheoladh chugat
  • aontú atá againn leatsa a fheidhmiú, lena n-áirítear orduithe ceannaigh a eisiúint chugat agus íocaíochtaí a dhéanamh leat
  • chun cloí lenár n-oibleagáidí dlíthiúla agus rialála
  • aontú atá againn leatsa a chur i gcrích
  • do thoiliú (sa chás gur iarradh agus gur soláthraíodh é)

Úsáideoirí ár suíomhanna gréasáin

  • fianáin
  • seoladh IP
  • suíomh geografach
  • cineál agus leagan brabhsálaí
  • córas oibriúcháin
  • faisnéis faoi do chuairteanna agus úsáid ár suíomhanna gréasáin agat
  • ár suíomhanna gréasáin a riaradh
  • ár suíomhanna gréasáin a phearsantú
  • a chur ar do chumas úsáid a bhaint as na seirbhísí atá ar fáil ar ár suíomhanna gréasáin
  • chun cloí lenár noibleagáidí dlíthiúla agus rialála
  • aontú atá againn leatsa a fheidhmiú
  • do thoiliú (sa chás gur iarradh agus gur soláthraíodh é)

Ár guspóirí gnó – féadfaimid do Shonraí Pearsanta a úsáid freisin chun críocha gnó inmheánaigh (ár leasanna dlisteanacha) cosúil le:

  • coimeád taifead, anailís staitistiúil, tuairisciú inmheánach agus cuspóirí taighde;
  • chun na gearáin a dhéanann tú a fhiosrú;
  • chun fianaise a sholáthar i ndíospóidí nó i ndíospóidí réamh-mheasta idir tusa agus muidne;
  • chun calaois agus cionta coiriúla eile a bhrath agus a chosc agus chun rioscaí a bhainistiú;
  • ar mhaithe le hathshlánú gnó agus athshlánú ó thubaiste (m.sh. chun cúltacaí a chruthú);
  • chun an tslándáil líonra agus faisnéise a chinntiú;
  • teagmháil a dhéanamh leat mar ionadaí cuideachta ar custaiméir nó díoltóir é i dtaca lenár gcaidreamh leis an gcuideachta sin;
  • teagmháil a dhéanamh leat mar ionadaí cuideachta a cheapaimid gur custaiméir nó díoltóir féideartha é;
  • teagmháil a dhéanamh leat i dtaca le cúiseanna carthanachta lena dtacaímid;
  • chun ár suíomhanna gréasáin a óstáil, a chothabháil agus tacú lena bhfeidhmíocht, lena náirítear gnéithe éagsúla suíomhanna gréasáin a chur in oiriúint chun d’eispéireas a fheabhsú;
  • chun doiciméid agus sonraí a choimeád/stóráil;
  • chun cearta, maoin agus/nó sábháilteacht CooperSurgical, a gcleamhnaithe, a phearsanra agus daoine eile a chosaint; agus
  • chun cáilíocht seirbhísí a chinntiú dár gcliaint agus do Dhaoine eile is Ábhar do na Sonraí.

Creidimid nach iomarcach ná rófhiosrach an riosca atá ann do do chearta cosanta sonraí a bhaineann leis na Sonraí Pearsanta a phróiseálaimid bunaithe ar ár leasanna dlisteanacha. Tá cosaintí do do chearta curtha i bhfeidhm againn chomh maith trí thréimhsí coinneála agus rialuithe slándála a chinntiú.

Ina theannta sin, féadfaimid do Shonraí Pearsanta a úsáid do na cuspóirí breise ar leith a chuirtear in iúl agus do Shonraí Pearsanta á mbailiú.

Má roghnaíonn tú gan na Sonraí Pearsanta arna n-iarraidh againn a sholáthar, seans nach mbeimid in ann na táirgí agus/nó seirbhísí iarrtha a sholáthar duit ná an cuspóir/na cuspóirí a chomhlíonadh ar iarradh na Sonraí Pearsanta ina leith.

D. CONAS AGUS CATHAIN A CHOMHROINNIMID SONRAÍ LE TRÍÚ PÁIRTITHE?

Bíonn tríú páirtithe rannpháirteach i dtáirgí agus/nó seirbhísí áirithe againn a sholáthar. Ní dhéanaimid Sonraí Pearsanta a dhíol le tríú páirtithe, ná a thabhairt amach ar cíos, a dháileadh nó a chur ar fáil dóibh ar bhealach eile ar bhonn tráchtála, seachas sa chás go bhféadfaimid faisnéis a chomhroinnt laistigh den ghrúpa cuideachtaí againn, lenár soláthraithe seirbhíse agus le tríú páirtithe eile chun críocha na gcuspóirí atá sa Pholasaí seo:

a) Sonraí a chomhroinnt laistigh de ghrúpa CooperSurgical

Féadfaidh CooperSurgical do Shonraí Pearsanta a chomhroinnt leis na Cleamhnaithe:

  • nuair is gá dúinn amhlaidh a dhéanamh chun na táirgí agus/nó seirbhísí nó an fhaisnéis arna hiarraidh a sholáthar; mar shampla, déanaimid do Shonraí Pearsanta a aistriú chuig na Stáit Aontaithe agus an Afraic Theas.
  • má aontaíonn tú leis (m.sh. nuair a thugann tú toiliú dúinn comhrá margaíochta a dhéanamh leis na Cleamhnaithe)

b) Sonraí a chomhroinnt le soláthraithe seirbhíse

Déanaimid do Shonraí Pearsanta a chomhroinnt freisin lenár soláthraithe seirbhíse tríú páirtí, a úsáidimid chun seirbhísí éagsúla a sholáthar, maidir leis na nithe seo:

  • seachadtaí táirgí (m.sh. cúiréirí agus clinicí);
  • seirbhísí margaíochta agus fógraíochta (m.sh. gníomhaireachtaí margaíochta, gníomhaireachtaí idirghníomhacha, soláthraithe réitigh ríomhphoist);
  • ár suíomhanna gréasáin (m.sh. óstáil agus cothabháil ár suíomhanna gréasáin);
  • Seirbhísí agus réitigh TF (m.sh. stóras sonraí a sholáthar, cabhair le bainistíocht bunachar sonraí);

Rinneamar na soláthraithe seirbhíse seo a roghnú go cúramach agus rinneamar beart chun a chinntiú go gcosnaítear do Shonraí Pearsanta go cuí. Bíonn ar ár soláthraithe seirbhíse cloí le conradh scríofa chun na Sonraí Pearsanta a sholáthraítear dóibh a phróiseáil chun seirbhís ar leith a sholáthar dúinn agus chun bearta cuí slándála a chaomhnú lena gcosnaítear do chuid Sonraí Pearsanta.

c) Sonraí a chomhroinnt le faighteoirí eile

Féadfaimid do Shonraí Pearsanta a chomhroinnt freisin:

  • leis na cuntasóirí, iniúchóirí nó dlíodóirí againn, nó le comhairleoirí comhchosúla a niarraimid orthu comhairle ghairmiúil a sholáthar dúinn;
  • le haon tríú páirtí eile sa chás go bhfuil dualgas orainn do Shonraí Pearsanta a nochtadh nó a chomhroinnt, chun cloí le hoibleagáid dhlíthiúil, nó chun cearta, maoin agus/nó sábháilteacht CooperSurgical, a Chleamhnaithe, a phearsanra agus daoine eile a chosaint;
  • le haon tríú páirtí eile chun gníomhú i gcomhréir le riachtanais na cúirte, an rialtóra nó ghníomhaireacht an rialtais, mar shampla chun cloí le hordú cúirte nó chun gníomhú i gcomhréir le dlí nó rialachán infheidhme; nó
  • le hinfheisteoirí nó tríú páirtithe ábhartha eile i gcás díolacháin fhéideartha nó idirbhirt chorparáidigh eile a bhaineann le CooperSurgical agus/nó le haon cheann dá Chleamhnaithe.

E. AISTRITHE IDIRNÁISIÚNTA SONRAÍ PEARSANTA

Nuair a dhéantar do Shonraí Pearsanta a aistriú chuig Cleamhnaithe, soláthraithe seirbhíse nó faighteoirí eile, nó idir eatarthu, is féidir iad a sheoladh chuig suíomhanna lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (“LEE”), suíomhanna nach bhfuil an leibhéal céanna cosanta acu is atá ag suíomhanna i dtíortha LEE, lena n-áirítear tríú tíortha nach bhfuil cumhdaithe ag cinneadh leordhóthanacha an Choimisiúin Eorpaigh, mar shampla: SAM agus an Afraic Theas.

Ní ceadmhach dúinn do Shonraí Pearsanta a aistriú chuig suíomhanna lasmuigh den LEE ach amháin sna cásanna seo a leanas:

  • nuair a dhéantar na sonraí a aistriú chuig suíomh, trí mhodh nó i gcúinsí a mheasann an Coimisiún Eorpach go dtugann siad cosaint leordhóthanach do do Shonraí Pearsanta;
  • nuair a bhíonn clásail chaighdeánacha um chosaint sonraí, arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach nó ag údarás ábhartha um chosaint sonraí, curtha i bhfeidhm againn; nó
  • mura bhfuil feidhm ag na cásanna thuas ach go bhfuil cead dlíthiúil againn amhlaidh a dhéanamh fós, mar shampla más gá na sonraí a aistriú chun conradh arna thabhairt i gcrích leat nó ar mhaithe leat a chur i gcrích, nó chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a chur i bhfeidhm nó a chosaint.

Is féidir leat tuilleadh mionsonraí a fháil faoi na cosaintí atá curtha i bhfeidhm againn maidir le haistriú Sonraí Pearsanta chuig suíomhanna lasmuigh den LEE agus, más infheidhme, cóip de na clásail chaighdeánacha um chosaint sonraí atá curtha i bhfeidhm againn, ach teagmháil a dhéanamh linn ag: [email protected].

F. CÉ CHOMH FADA A STÓRÁLAIMID SONRAÍ PEARSANTA?

Is é ár bpolasaí do Shonraí Pearsanta a stóráil fad is a bhíonn sé riachtanach don chuspóir nó do na cuspóirí ar leith dár mbailíodh iad (m.sh. chun comhaontú leat a chomhlíonadh). Bíonn oibleagáid orainn uaireanta, áfach, roinnt Sonraí Pearsanta a stóráil ar feadh níos mó ama, ag cur tosca áirithe san áireamh, mar shampla:

  • oibleagáid dhlíthiúil/oibleagáidí dlíthiúla faoin dlí is infheidhme chun sonraí a choinneáil ar feadh tréimhse áirithe ama (m.sh. riachtanais maidir le cáin agus cuntasaíocht a chomhlíonadh);
  • éilimh dhlíthiúla a bhunú, a chur i bhfeidhm nó a chosaint (m.sh. chun críocha díospóide féideartha).

Leanaimid orainn de do Shonraí Pearsanta a phróiseáil, ach cinnteoimid go ndéanfar é sin i gcomhréir leis an bPolasaí um Príobháideacht Sonraí seo. Seachas sin, déanaimid do Shonraí Pearsanta a scriosadh nó a anaithnidiú nuair a bhímid críochnaithe leo.

Más mian leat a fháil amach cé chomh fada agus a choinnímid do Shonraí Pearsanta ar mhaithe le cuspóir áirithe, déan teagmháil linn ag: [email protected]. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi cé chomh fada agus a stóráiltear fianáin, breathnaigh ar ár bPolasaí Fianán.

G. CONAS A CHOSNAÍMID DO SHONRAÍ?

Admhaímid go bhféadfadh do Shonraí Pearsanta bheith faoi rún. Déanfaimid do Shonraí Pearsanta a choimeád faoi rún agus a chosaint i gcomhréir lenár bPolasaí um Príobháideacht Sonraí agus leis na dlíthe is infheidhme, lena n-áirítear an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí 2016/679 (“AVG“).

Tá bearta slándála teicneolaíochta agus oibríochtúla curtha i bhfeidhm againn chun do Shonraí Pearsanta a chosaint ar chaillteanas, ar mhí-úsáid nó ar athrú nó scrios neamhúdaraithe. Áirítear lena leithéid de bhearta na rudaí seo a leanas: úsáid ballaí dóiteáin, criptiúchán, próisis chearta um bainistíocht cearta rochtana, roghnú cúramach próiseálaithe agus bearta réasúnta teicniúla agus tráchtála eile chun do Shonraí Pearsanta a chosaint go cuí. Más iomchuí, féadfaimid cóipeanna cúltaca a dhéanamh agus meáin eile den saghas sin a úsáid chun damáiste tionóisceach do do Shonraí Pearsanta nó scrios na sonraí sin a chosc. Buíochas leis na bearta seo déantar leibhéal cuí slándála a chinntiú maidir leis na rioscaí a bhaineann le nádúr agus próiseáil na Sonraí Pearsanta atá le cosaint.

Tabhair faoi deara, áfach, nach féidir slándáil na faisnéise a sheolann tú chugainn thar an Idirlíon a rathú go hiomlán. Bainfimid úsáid as córas aitheanta sláníocaíochta ar líne chun aon íocaíochtaí uait ar líne a phróiseáil.

I gcás sáraithe ar do Shonraí Pearsanta, go mb’fhéidir go mbaineann riosca tromchúiseach leis, cuirfear ar an eolas thú ar an bpointe.

H. DO CHEARTA

Déantar na cearta ar féidir leat a chur i bhfeidhm a mhíniú sa chuid seo a leanas. Ní cearta iomlána na cearta éagsúla agus tá gach ceart faoi réir ag eisceachtaí nó cáilíochtaí áirithe i gcomhréir leis an RGCS agus le forálacha eile an dlí um príobháideacht sonraí atá infheidhme i gcoitinne.

  • An ceart chun bheith ar an eolas – tá an ceart agat faisnéis shoiléir thrédhearcach, atá intuigthe go héasca, a fháil faoin gcaoi a úsáidimid do Shonraí Pearsanta. Sin an fáth go bhfuil faisnéis á soláthar againn sa Pholasaí um Príobháideacht Sonraí seo agus in aon fógraí dlíthiúla nó téarmaí agus coinníollacha a fhaigheann tú.
  • An ceart rochtana – tá an ceart agat deimhniú a fháil uainn maidir le cibé an bhfuil do Shonraí Pearsanta á bpróiseáil againn, mar aon le faisnéis áirithe eile (cosúil leis an bhfaisnéis sa Pholasaí seo) faoin gcaoi a bhfuil na sonraí á n-úsáid. Tá an ceart agat freisin do Shonraí Pearsanta a rochtain, trí chóip a iarraidh de na Sonraí Pearsanta a bhaineann leat. Déantar amhlaidh chun a chinntiú go bhfuil a fhios agat go bhfuil d’fhaisnéis á húsáid againn i gcomhréir leis an dlí um chosaint sonraí agus gur féidir é sin a sheiceáil. Is féidir linn diúltú d’fhaisnéis a sholáthar sa chás go bhféadfadh sé sin sonraí pearsanta duine éigin eile a nochtadh nó tionchar diúltach a imirt ar chearta an duine sin.
  • An ceart chun ceartaithe – is féidir leat iarraidh orainn bearta a dhéanamh chun do Shonraí Pearsanta a cheartú má tá na sonraí sin míchruinn nó neamhiomlán (m.sh. má tá ainm nó seoladh mícheart againn duit).
  • An ceart chun scriosta – tugtar ‘an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad’ ar an gceart seo chomh maith agus, chun é a rá ar bhealach simplí, ligeann sé duit iarraidh ar do Shonraí Pearsanta a scriosadh nó a bhaint, mar shampla mura bhfuil cúis iontach ann chun leanúint lena n-úsáid nó má tá sé neamhdhleathach úsáid a bhaint astu. Ní ceart ginearálta chun scriosta é seo, áfach, agus tá roinnt eisceachtaí ann, m.sh. nuair is gá dúinn an fhaisnéis a úsáid chun éileamh dlíthiúil a chosaint nó chun oibleagáid dlíthiúil a chomhlíonadh.
  • An ceart chun próiseáil a shrianadh – tá an ceart agat úsáid bhreise do Shonraí Pearsanta a ‘bhacadh’ nó a shochtadh agus iarratas ar cheartú á mheas againn nó mar rogha ar scriosadh. Nuair a bhíonn an phróiseáil srianta, is féidir linn do Shonraí Pearsanta a stóráil go fóill ach ní féidir linn úsáid bhreise a bhaint astu.
  • An ceart chun iniomparthacht sonraí – tá an ceart agat Sonraí áirithe Pearsanta a fháil agus a athúsáid ar mhaithe le do chuspóirí féin, thar raon eagraíochtaí éagsúla (ar rialtóirí sonraí ar leith iad). Ní bhaineann sé seo ach leis na Sonraí Pearsanta a fuaireamar uait, atá á bpróiseáil againn le toiliú uait agus chun conradh a chomhlíonadh, a ndéantar iad a phróiseáil trí mheáin uathoibrithe. Sa chás sin, tabharfaimid cóip de do shonraí chugat i bhformáid struchtúrtha a úsáidtear go minic agus atá inléite ag meaisín. Nó (má tá sé indéanta ó thaobh na teicneolaíochta) féadfaimid do shonraí a tharchur go díreach chuig rialtóir sonraí ar leith.
  • An ceart chun agóid a dhéanamh – tá an ceart agat agóid a dhéanamh i gcoinne chineálacha áirithe próiseála, ar chúiseanna a bhaineann le do chás áirithe, ag am ar bith chomh fada agus a dhéantar an phróiseáil ar mhaithe le leasanna dlisteanacha arna lorg ag CooperSurgical, ag na Cleamhnaithe nó ag faighteoir sonraí. Tabharfar cead dúinn leanúint de na Sonraí Pearsanta a phróiseáil más féidir linn a thaispeáint go ndéantar na sonraí a phróiseáil ar chúiseanna iontacha dlisteanacha a sháraíonn do chuid leasanna, ceart agus saoirsí, nó gur gá dúinn na sonraí a phróiseáil chun éilimh dhlíthiúla a bhunú, a chur i bhfeidhm nó a chosaint. Má dhéanann tú agóid i gcoinne phróiseáil na Sonraí Pearsanta agat chun críocha na margaíochta dírí, stopfaimid de do Shonraí Pearsanta a phróiseáil chun na gcríoch sin.
  • An ceart chun toiliú a aistarraingt – má thugann tú toiliú dúinn chun do Shonraí Pearsanta a phróiseáil, tá an ceart agat an toiliú sin a aistarraingt am ar bith. Má dhéantar amhlaidh, ní bhíonn aon tionchar aige ar dhlisteanacht na próiseála a tharla roimh a leithéid d’aistarraingt.

I. CONAS TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LINN

Más mian leat faisnéis bhreise a iarraidh nó aon cheann de na cearta thuas a chur i bhfeidhm, nó má tá tú míshásta leis an gcaoi a phróiseálamar do Shonraí Pearsanta, déan teagmháil lenár nOifigeach um Chosaint Sonraí ag: [email protected].

Sula ndéanfaimid d’iarratas a phróiseáil, féadfaimid faisnéis bhreise a iarraidh chun tú a aithint. Má theipeann ort an fhaisnéis iarrtha a sholáthar agus mura féidir linn tú a aithint dá bharr, féadfaimid diúltú do d’iarratas a chur i gcrích.

Freagróimid do d’iarratas laistigh de mhí amháin de ghnáth. Is féidir linn síneadh ama dhá mhí a chur leis seo más gá, ag cur san áireamh choimpléascacht agus líon na n-iarratas a chuir tú isteach.

Ní ghearrfaimid muirear ort as an gcumarsáid ná ár gcuid gníomhartha, ach amháin sna cásanna seo a leanas:

  • iarrann tú cóipeanna breise de na Sonraí Pearsanta agat atá á bpróiseáil, nuair is féidir linn muirear a ghearradh ort as costais réasúnta riaracháin, nó
  • má chuireann tú isteach iarratais gur soiléir nach bhfuil bunús leo, nó an iomarca iarratas, go háirithe toisc a nádúr athráiteach, nuair is féidir linn muirear a ghearradh ort as costais réasúnta riaracháin nó diúltú don iarratas a chur i gcrích.

Má tá tú míshásta lenár bhfreagra ar do ghearán nó má chreideann tú nach bhfuil an dlí um chosaint sonraí á chomhlíonadh againn maidir le próiseáil do Shonraí Pearsanta, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an údarás cuí um chosaint sonraí. Is é an t-údarás um chosaint sonraí sa Danmhairg ná an tArdchigire um Chosaint Sonraí Pearsanta (Datatilysnet), nó a chomharba.