Polasaí Fianán

Choose your language:

Tá meas ag CooperSurgical, Inc. agus ag a chleamhnaithe (CooperSurgical) ar do cheart chun príobháideachta agus tá siad tiomanta do shuíomh gréasáin sábháilte agus slán a sholáthar duit.

Cad is fianán ann?

Comhad beag is ea fianán agus iarrtar cead chun é a chur ar thiomantán crua do ríomhaire. A luaithe agus a aontaíonn tú leis sin, cuirtear an comhad leis agus cabhraíonn an fianán leis an trácht ghréasáin a anailísiú nó cuireann sé ar an eolas thú nuair a thugann tú cuairt ar shuíomh áirithe. Ligeann fianáin d’fheidhmchláir ghréasáin freagairt duit mar dhuine aonair. Is féidir leis an bhfeidhmchlár gréasáin a oibríochtaí a chur in oiriúint do do riachtanais, do na rudaí is maith leat and do na rudaí nach maith leat ach faisnéis a bhailiú faoi do shainroghanna agus cuimhneamh ar an bhfaisnéis sin.

Conas a úsáidtear fianáin?

Úsáidimid fianáin loga tráchta chun na leathanaigh atá á n-úsáid a aithint. Cabhraíonn sé seo linn sonraí faoi thrácht agus úsáid leathanach gréasáin a anailísiú, agus ár suíomh gréasáin agus seirbhísí a fheabhsú chun iad a chur in oiriúint do riachtanais na gcustaiméirí.

Ní fhaisnéis phearsanta atá i gceist anseo agus d’fhéadfadh na sonraí seo a leanas a bheith curtha san áireamh inti:

  • Do sheoladh prótacal Idirlín
  • An cineál brabhsálaí nó ríomhaire atá agat
  • Líon na nasc a chliceálann tú sa suíomh
  • An stát nó an tír óna ndearna tú an suíomh a rochtain
  • Dáta agus am do chuairte
  • Ainm do sholáthraí seirbhíse Idirlín
  • An leathanach gréasáin ónar tháinig tú chuig ár suíomh
  • Na leathanaigh a d’fhéach tú orthu ar an suíomh

Tríd is tríd, cabhraíonn fianáin linn suíomh gréasáin agus seirbhís níos fearr a sholáthar toisc go ligeann siad dúinn monatóireacht a dhéanamh ar na leathanaigh atá úsáideach agus nach bhfuil úsáideach duit. Ní thugann fianán rochtain dúinn ar do ríomhaire ná ar aon fhaisnéis fút, seachas na sonraí a chomhroinneann tú linn d’aonghnó.

Don chóras ordaithe ar líne againn, a ligeann do chustaiméirí orduithe a dhéanamh ar líne, féadfar an fhaisnéis teagmhála a chuirtear isteach sa suíomh gréasáin a úsáid mar phointe teagmhála.

Cén cineál fianán a úsáidfimid?

Fianáin tosaíochta

Ligeann na fianáin seo don suíomh cuimhneamh ar shocruithe úsáideora, cosúil le do rogha teanga nó do réigiún. Mar shampla, nuair a chuimhníonn an suíomh ar do theanga taispeánfar an suíomh sa teanga sin ar do chéad chuairt eile.

Má chuirtear bac ar fhianáin tosaíochta, beidh eispéireas suímh níos dona ag an úsáideoir ach ba cheart don suíomh feidhmiú i gceart.

Slándáil

Déanann na fianáin seo logáil isteach an úsáideora a fhíordheimhniú agus cosnaíonn siad úsáideoirí ar ghoid sonraí (m.sh. ó fhoirmeacha leathanaigh ghréasáin).

Má chuirtear bac ar fhianáin slándála, seans nach mbeidh tú ábalta logáil isteach ar an suíomh.

Próiseas

Cabhraíonn na fianáin seo le heispéireas nascleanúna an tsuímh.

Má chuirtear bac ar fhianáin próisis, seans nach n-oibreoidh an suíomh mar a cheapann tú.

Anailísíocht

Baineann CooperSurgical úsáid as fianáin Google Analytics a bhailíonn sonraí go hanaithnid faoin gcaoi a n-idirghníomhaíonn tú leis an suíomh. Soláthraíonn na sonraí anailísíochta léargais faoin gcaoi a n-úsáidtear ár suíomhanna, rud a chabhraíonn linn eispéireas úsáideora a sheachadadh a bhfuil feabhas leanúnach ag teacht air.

Má chuirtear bac ar fhianáin Google Analytics, ní chuirfear isteach ar fheidhmiú an tsuímh.

Tusa atá i gceannas ar úsáid fianán againne

Faoin Treoir AE maidir le r-phríobháideachas, bíonn ar shuíomhanna gréasáin toiliú a fháil chun fianáin a chur ar ríomhairí úsáideora. Glacann CooperSurgical le polasaí an toilithe intuigthe. Ligeann sé seo dúinn toiliú a thuiscint nuair a theipeann ar an úsáideoir diúltú d’fhianáin.

Is féidir leat roghnú chun glacadh le fianáin nó diúltú dóibh. Glacann formhór na mbrabhsálaithe gréasáin le fianáin go huathoibríoch. Más fearr leat, áfach, is féidir leat do shocrú brabhsálaí a athrú chun diúltú d’fhianáin. D’fhéadfadh sé seo chosc a chur ar leas iomlán a bhaint as an suíomh gréasáin.

Naisc le suíomhanna gréasáin eile

D’fhéadfadh naisc le suíomhanna gréasáin ár gcomhpháirtithe gnó nó le cuideachtaí eile nach bhfuil comhcheangailte le cuideachtaí CooperSurgical a bheith ar ár suíomh gréasáin. Soláthraíodh na naisc seo ar mhaithe lenár n-úsáideoirí. Nílimid freagrach as cleachtais phríobháideachais ná inneachar na suíomhanna sin, agus molaimid duit bheith cúramach nuair a thugann tú cuairt orthu. Go háirithe, molaimid duit féachaint ar an bpolasaí príobháideachais atá postáilte ar gach uile shuíomh.